Folúntas do Riarthóir Oifige
Tá folúntas do Riarthóir Oifige i gComharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo, duine fuinniúil, cumasach le taithí riaracháin atá ag teastáil. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i Halla Le Chéile, Clochán Bhréanainn agus freagrach as seirbhís riaracháin a sholáthar don gComharchumann, teagmháil rialta a choimeád le foireann, coiste agus páirtithe leasmhara mar aon le cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil don mbainisteoir. Tá taithí / cúlra oibre riaracháin oifige riachtanach don bpost seo. Beidh ard chaighdeán scríofa agus labhartha i nGaeilge agus i mBéarla ag an té a cheapfar, scileanna maithe idirphearsanta, eagrúcháin agus cumarsáide, scileanna maithe ríomhaireachta agus taithí ar úsáid pacáistí airgeadais.
Seoltar iarratais mar aon le CV roimh an Aoine 26 Eanáir 2024 chuig:
An Cathaoirleach, Halla Le Chéile, Bréanainn, Trá Lí,
Co Chiarraí nó eolas chuig eolas@cflt.ie breis eolais : 066 7138137
Is fostóir comhionannais é CFLT Teo.